Check below for Maths Week 2023 events!
This is a hybrid festival, please be sure to check the location, time and dates of all events before booking.
Click on the different categories to filter the events.
Free Online General public Family


Ceardlann ETIM do Sheachtain Mhata na hÉireann do Mhúinteoirí Bunscoile
October 18, 2021 @ 16:00 - 17:00
Straitéisí Mata do Pháistí ar Ardchumas
18 Deireadh Fómhair ag 16.00 ar Zoom
Aoichainteoir: Cormac Ó Tuairisg, Scoil Éinne, An Spidéal agus Bord Stiúrtha Gaeloideachas
Dírithe ar: Múinteoirí agus Príomhoidí Bunscoile
Tá an cheardlann seo á cur ar fáil ag Gaeloideachas mar chuid de Sheachtain Mhata na hÉireann. Beidh an cheardlann seo le Cormac Ó Tuairisg ag díriú ar straitéisí praiticiúla mata do pháistí ar ardchumas ach go háirithe. Roinnfear nodanna agus smaointe éagsúla lena linn maidir le bealaí le spreagadh agus dúshlán breise a thabhairt do pháistí ardchumais sa mbunscoil lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Roinnfear eolas maidir le cláir éagsúla ar líne agus crua-earraí a bhféadfadh le múinteoirí a úsáid ina seomraí ranga féin agus fágfaidh rannpháirtithe le go leor smaointe úsáideacha le cúrsaí mata a spreagadh lena scoláirí féin.
Is Príomhoide Cúnta i scoil Ghaeltachta, Scoil Éinne, An Spidéal, é Cormac. Is iar-innealtóir aerloingseoireachta é le taithí na mblianta ag dearadh comhpháirteanna d’eitleáin srl. Tar éis iarchéim a bhaint amach ó Choláiste Mhuire Marino, chuaigh sé i mbun taighde chun máistreacht a bhaint amach san oideachas ag díriú ar teicneolaíocht ó Choláiste Phádraig. Is stiúrthóir ar chomhlacht teicneolaíochta (Digigael Teo.) é agus bíonn sé i mbun tacaíocht a thabhairt do scoileanna le córais ríomhaireachta agus tacaíocht a thabhairt dóibh cláir ETIM (STEM) a chur ar fáil. Cuireann sé ranganna ar fáil do pháistí ar ardchumas i réimse leathan ábhar taobh amuigh d’am scoile.
Cláraigh anseo agus seolfar nasc chugat ar lá an tseimineáir. Tabhair faoi deara, le do thoil, go ndúnfar an fhoirm ag 12.00 ar an lá.