Nathracha agus Dréimirí
For: Primary Children
Age 4 – 6
EASY
Low threshold high ceiling

Acmhainní:
Dílse amháin in aghaidh an bheirt daltaí, licín, bord nathracha agus dréimirí Snáitheanna: Comhaireamh, suimiú, suíomh agus treo
Gníomhaíocht:
Tabhair dílse do gach beirt daltaí agus licín amháin an duine. Tosaíonn gach duine ar 1 agus déantar sealaíocht ar an dílse a chasadh agus bogadh ar aghaidh an líon cuí spásanna. Má thuirlingíonn dalta ar spás ina bhfuil dréimire is féidir leis/léi dreapadh suas an dréimire. Má thuirlingíonn sé/sí ar spás ina bhfuil ceann nathrach caithfidh sé/sí an nathair shleamhain a leanúint.
Ceisteanna:
· Cén uimhir a fuair tú?
· An bhfuil tú ag bogadh ar aghaidh nó ar gcúl?
· Déan cur síos dom cad a tharla nuair a thuirling tú ar spás na huimhreach 14?
Ceisteanna Dúshláin:
· Cén uimhir ar mhaith leat a chasadh an chéad uair eile? Cén fáth?
· Cén uimhir nach bhfuil tú ag iarraidh a chasadh an chéad uair eile? Cén fáth?
· Cad é an líon is lú uaire nach mór duit an dílse a chasadh chun an cluiche a bhuachan? Mínigh.




