Cúig Lacha Beaga
For: Primary Children
Age 4 – 6
EASY
Low threshold high ceiling

Acmhainní:
Cúig lacha (íomhánna nó fíor-lachain)
Snáitheanna:
Comhaireamh, comparáid, cur in ord
Gníomhaíocht:
Tabhair cúig lacha atá uimhrithe 1-5 do gach dalta agus iarr orthu an líon céanna ciúbanna a chomhaireamh amach do gach lacha agus iad a chur i gcarn le chéile agus iad ag chomhaireamh. Iarr orthu na carnacha ciúbanna a chur chun in ord ag tosú leis an líon is ísle ciúbanna. Ba chóir dóibh na lachain a mheaitseáil ansin leis an gcarn ciúbanna ceart.
Ceisteanna:
· Cén chaoi a bhfuil a fhios agat go bhfuil an carn ciúbanna seo ar dtús? Cén fáth?
· Conas atá a fhios agat go bhfuil an carn ciúbanna seo ar deireadh? Cén fáth?
· Cuir na ciúbanna in ord anois ón líon is mó go dtí an líon is lú.
Ceisteanna Dúshláin:
· Cén ceann an chéad lacha eile? Conas atá a fhios agat? Taispeáin dom cé mhéad ciúbanna a bheadh aige.
· Cén uimhir a bheadh ag an lacha roimh lacha uimhir a haon? Cé mhéad ciúbanna a bheadh aige? An féidir leat a thaispeáint dom?
· Cé mhéad ciúbanna eile atá sa charn seo? Taispeáin dom conas atá a fhios agat.
· Cé mhéad níos lú ciúbanna atá sa charn seo? Taispeáin dom conas atá a fhios agat.
Leaganacha malartacha:
1. Cuir poncanna ar na lachain chun an uimhir a thaispeáint.
2. Tabhair na lachain do na daltaí de réir oird ach bíodh botún ann agus iarr orthu é a shocrú.
3. Lig do na páistí a bheith ina lachain agus an líon ceart ciúbanna ina lámha acu.
4. Athraigh líon na lachan. Ná tosaigh le huimhir a haon i gcónaí.