Ag Piocadh Úlla
For: Primary Children
Age 4 – 6
EASY
Low threshold high ceiling


Acmhainní:
10 licín in aghaidh an bheirt daltaí, Snáitheanna teimpléid 'Ag Piocadh Úlla': Comhaireamh, dealú, réiteach fadhbanna
Gníomhaíocht:
Tabhair an teimpléad ‘Ag Piocadh Úlla’ do gach beirt daltaí agus deich licín (úlla) a chuirtear ar chraobhacha an chrainn. Ní mór do na daltaí sealaíocht a dhéanamh ar úll amháin nó dhá úll a 'phiocadh' ón gcrann. Is é an duine a phiocann an t-úll deireanach an buaiteoir.
Ceisteanna:
· Cé mhéad thógfaidh tú?
· Cad a tharlódh dá dtógfadh do chomhpháirtí dhá cheann?
· Cad a tharlódh dá dtógfadh do chomhpháirtí ceann amháin?
Ceisteanna Dúshláin:
· Conas is féidir leat a chinntiú go mbainfidh tú an bua amach i gcónaí?
· An féidir leat a ríomh cad ba chóir duit a dhéanamh chun a chinntiú go mbainfidh tú an bua amach nuair nach mbeidh ach sé úll fágtha?
Nóta an mhúinteora: Is féidir leis an duine a fhágann trí úll a bhuachan i gcónaí. Spreag na daltaí chun smaoineamh ar an loighic agus réasúnú cé mhéad atá siad chun a thógáil gach uair.
Leaganacha malartacha:
1. Is féidir leis na daltaí an cluiche a aisiompú agus na húlla a chur ar an gcrann. Is é an buaiteoir an duine a chuireann an t-úll deireanach ar an gcrann.
2. Athraigh líon na n-úlla ar an gcrann agus an líon is féidir leis na daltaí a thógáil gach uair.