Teatromanónna

For: Primary Children

Age 6-8

Low threshold high ceiling

1.Na Polomanónna a aimsiú

2.Tetris

Acmhainní:

Cearnóga ( lch.1) 20 in aghaidh an bheirt dhaltaí. Priontáil an teimpléad teatromanónna ar an bpáipéar 160 gsm agus gearr amach na píosaí. Greamaigh píosaí comhfhreagracha ó leathanach 3 agus 4, ionas gur féidir leis na páistí cluiche iomlán a imirt.

Snáitheanna:

Siméadracht, feasacht spásúil;

Am:

60 nóiméad

Nóta an mhúinteora:

Is é is polomanó ann figiúr geoiméadrach plánach a dhéantar trí chearnóg amháin nó níos mó cearnóga comhionanna a nascadh imeall le himeall. Tá naisc ag polomanónna le téamaí éagsúla i siméadracht céimseatan, tíleanna, imlíne, agus achar.

Gníomhaíocht I:

Pléigh cé mhéad cruthanna is féidir a dhéanamh le cearnóg amháin nó dhá cheann (MONAMANÓ– aon chruth amháin)  (DOMANÓ – cruth amháin). Cé mhéad le trí chearnóg cumaiscthe (TROMANÓNNA- dhá chruth)? Tosaíonn an spraoi i gceart nuair a bhíonn ceithre chearnóg ag daltaí. Tugtar TETROMANÓNNA ar na cúig chruth ar féidir iad a chruthú trí chearnóga a chumasc. Tabhair cearnóga scaoilte do na daltaí ionas gur féidir leo féin cruthanna a dhéanamh. Ansin cuir na cinn a ghearradh as an teimpléad ina n-ionad.

Click HERE for a pdf.

Ceisteanna:

An bhfuil dealramh aon cheann de na litreacha ar na cruthanna? (T, O, I, L, N, Z) Cén cineál siméadrachta is féidir leat a aimsiú agus cén cruthanna ina bhfuil sí? (aiseach, siméadracht líne)

Gníomhaíocht II:

Cuir na píosaí teatromanó sa mháilín agus tabhair máilín amháin do gach bheirt dhaltaí chomh mar aon le teimpléad an CHLUICHE TETRIS. Tógann na daltaí, agus iad ag déanamh sealaíochta, píosa amháin amach agus cuireann siad ar bhun an bhoird é. Ag pointe áirithe, ní bheidh go leor spáis ann do na píosaí teatromanó – ciallaíonn sé seo go bhfuil an cluiche thart. Baineann pointí diúltacha le gach uair nach bhfuil ar chumas an imreora an plána a chlúdach gan bearnaí agus is ionann an líon pointí agus líon na gcearnóga nach bhfuil clúdaithe.