Nathracha agus Dréimirí

For: Primary Children

Age 4 – 6

EASY

Low threshold high ceiling

Acmhainní:

Dílse amháin in aghaidh an bheirt daltaí, licín, bord nathracha agus dréimirí Snáitheanna: Comhaireamh, suimiú, suíomh agus treo

Gníomhaíocht:

Tabhair dílse do gach beirt daltaí agus licín amháin an duine. Tosaíonn gach duine ar 1 agus déantar sealaíocht ar an dílse a chasadh agus bogadh ar aghaidh an líon cuí spásanna. Má thuirlingíonn dalta ar spás ina bhfuil dréimire is féidir leis/léi dreapadh suas an dréimire. Má thuirlingíonn sé/sí ar spás ina bhfuil ceann nathrach caithfidh sé/sí an nathair shleamhain a leanúint.

Ceisteanna:

·      Cén uimhir a fuair tú?

·      An bhfuil tú ag bogadh ar aghaidh nó ar gcúl?

·      Déan cur síos dom cad a tharla nuair a thuirling tú ar spás na huimhreach 14?

Ceisteanna Dúshláin:

·      Cén uimhir ar mhaith leat a chasadh an chéad uair eile? Cén fáth?

·      Cén uimhir nach bhfuil tú ag iarraidh a chasadh an chéad uair eile? Cén fáth?

·      Cad é an líon is lú uaire nach mór duit an dílse a chasadh chun an cluiche a bhuachan? Mínigh.

Leaganacha malartacha:

1.    Bain na huimhreacha ó na cearnóga ar an mbord agus bain úsáid as saigheada amháin.

2.    Tosaigh ag 20 agus is é an buaiteoir an chéad duine a bhainfidh ceann amach.

3.    Bíodh gach imreoir ag súgradh le dhá licín den dath céanna. Nuair a chasann tú an dílse, is féidir leat ceann amháin de do licíní a bhogadh ar aghaidh dá réir. Caithfidh an dá phíosa an cearnóg dheireanach a bhaint amach chun a bhuachan.

Tosaigh. Bog ar aghaidh 1 spás. Bog siar 1 spás. Críochnaigh.