Frámaí Deich

For: Primary Children

Age 4 – 6

EASY

Low threshold high ceiling

Acmhainní:

Deich gcinn de bhfrámaí bána do gach dalta, bac, deich licín do gach dalta

Snáitheanna:

Comhaireamh, suíomh agus treo

Gníomhaíocht:

Ba chóir do leanaí oibriú i mbeirteanna agus beidh fráma deich agus deich gcinn de licíní ag teastáil ó gach leanbh. Beidh gá le bac idir an dá fhráma deich atá acu. Cuireann leanbh A cuid de na licíní ar an bhfráma deich agus ní mór do leanbh B ceisteanna a chur faoi shuíomh gach licín agus ní mór dó/di iarracht a dhéanamh ar dhealramh a bhfráma deich a mhacasamhlú. Ní féidir le leanbh A ach ‘tá’ nó ‘níl’ a fhreagairt. Ansin malartóidh na daltaí a róil agus déanfaidh siad an cluiche arís.

Ceisteanna:

·      An bhfuil roinnt licíní sa ró barr?

·      An bhfuil licín sa dara bosca sa ró barr?

·      An bhfuil seacht licín ann san iomlán?

Ceisteanna Dúshláin:

·      An gceapann tú go bhfuil níos mó nó níos lú ná cúig licín ag leanbh A ar an bhfráma deich? Cén fáth?

·      Má tá ceithre licín agat ar an bhfráma deich cé mhéad spás atá folamh?

Leaganacha malartacha:

·      Imir an cluiche droim ar ais ionas go nglaofaidh leanbh A amach na treoracha maidir leis na háiteanna ina bhfuil a chuid licíní agus ní mór do leanbh B na treoracha a leanúint.

·      Cuir teorainn le líon na gceisteanna is féidir a chur, mar shampla, ní féidir le leanbh B ach cúig cheist a chur.

·      Bain úsáid as licíní de dhathanna éagsúla agus ní mór do leanbh B an dath ceart a bheith aige sa spás ceart ar an bhfráma deich.