Cúig Lacha Beaga

For: Primary Children

Age 4 – 6

EASY

Low threshold high ceiling

Acmhainní:

Cúig lacha (íomhánna nó fíor-lachain)

Snáitheanna:

Comhaireamh, comparáid, cur in ord

Gníomhaíocht:

Tabhair cúig lacha atá uimhrithe 1-5 do gach dalta agus iarr orthu an líon céanna ciúbanna a chomhaireamh amach do gach lacha agus iad a chur i gcarn le chéile agus iad ag chomhaireamh. Iarr orthu na carnacha ciúbanna a chur chun in ord ag tosú leis an líon is ísle ciúbanna. Ba chóir dóibh na lachain a mheaitseáil ansin leis an gcarn ciúbanna ceart.

Ceisteanna:

·      Cén chaoi a bhfuil a fhios agat go bhfuil an carn ciúbanna seo ar dtús? Cén fáth?

·      Conas atá a fhios agat go bhfuil an carn ciúbanna seo ar deireadh? Cén fáth?

·      Cuir na ciúbanna in ord anois ón líon is mó go dtí an líon is lú.

Ceisteanna Dúshláin:

·      Cén ceann an chéad lacha eile? Conas atá a fhios agat? Taispeáin dom cé mhéad ciúbanna a bheadh aige.

·      Cén uimhir a bheadh ag an lacha roimh lacha uimhir a haon? Cé mhéad ciúbanna a bheadh aige? An féidir leat a thaispeáint dom?

·      Cé mhéad ciúbanna eile atá sa charn seo? Taispeáin dom conas atá a fhios agat.

·      Cé mhéad níos lú ciúbanna atá sa charn seo? Taispeáin dom conas atá a fhios agat.

Leaganacha malartacha:

1.    Cuir poncanna ar na lachain chun an uimhir a thaispeáint.

2.    Tabhair na lachain do na daltaí de réir oird ach bíodh botún ann agus iarr orthu é a shocrú.

3.    Lig do na páistí a bheith ina lachain agus an líon ceart ciúbanna ina lámha acu.

4.    Athraigh líon na lachan. Ná tosaigh le huimhir a haon i gcónaí.