Cóisire Ranga

For: Primary Children

Age 4 – 6

EASY

Low threshold high ceiling

Acmhainní:

Íomhánna den deoch sú, briosca, sú talún agus císte cupa agus

íomhánna de 20 páiste

Snáitheanna:

Grúpáil agus roinnt, comhaireamh, orduimhir

Gníomhaíocht:

Tá 20 páiste sa rang. Bhí páirtí Oíche Shamhna ag an múinteoir agus thosaigh sé ag tabhairt amach roinnt sóite. Sheas na daltaí go léir i líne agus thug sé deoch sú don chéad pháiste, briosca don dara pháiste, sú talún don tríú páiste agus císte cupa don cheathrú páiste. Lean sé ar aghaidh mar seo go dtí go raibh rud éigin tugtha aige do gach páiste. Cad a fuair an seachtú páiste? Cad a fuair an páiste deireanach?

Ceisteanna:

Cad é an patrún ina raibh an múinteoir ag tabhairt amach na sóite? Cé mhéad císte cupa a thug sé amach?

Cé mhéad císte cupa a bheadh uaidh dá mbeadh sé ag iarraidh ceann a thabhairt do gach dalta?

Ceisteanna Dúshláin:

·      Ar thug sé amach ar an líon céanna císte cupa agus sútha talún?

·      Ar thug sé amach na sóite ar shlí chothrom chóir? Cén fáth nó cén fáth nár thug?

·      Má theastaigh uaim sú talún a fháil, cén áit a sheasfainn?

Leaganacha malartacha:

1.    Athraigh patrún agus/nó líon na bpáistí sa cheist.

2.    Athraigh an patrún ionas gur thug an múinteoir deoch sú do gach dara pháiste agus císte cupa do gach tríú páiste. Cad a fuair an 12ú páiste?