Ag Piocadh Úlla

For: Primary Children

Age 4 – 6

EASY

Low threshold high ceiling

Acmhainní:

10 licín in aghaidh an bheirt daltaí, Snáitheanna teimpléid 'Ag Piocadh Úlla': Comhaireamh, dealú, réiteach fadhbanna

Gníomhaíocht:

Tabhair an teimpléad ‘Ag Piocadh Úlla’ do gach beirt daltaí agus deich licín (úlla) a chuirtear ar chraobhacha an chrainn. Ní mór do na daltaí sealaíocht a dhéanamh ar úll amháin nó dhá úll a 'phiocadh' ón gcrann. Is é an duine a phiocann an t-úll deireanach an buaiteoir.

Ceisteanna:

·      Cé mhéad thógfaidh tú?

·      Cad a tharlódh dá dtógfadh do chomhpháirtí dhá cheann?

·      Cad a tharlódh dá dtógfadh do chomhpháirtí ceann amháin?

Ceisteanna Dúshláin:

·      Conas is féidir leat a chinntiú go mbainfidh tú an bua amach i gcónaí?

·      An féidir leat a ríomh cad ba chóir duit a dhéanamh chun a chinntiú go mbainfidh tú an bua amach nuair nach mbeidh ach sé úll fágtha?

Nóta an mhúinteora: Is féidir leis an duine a fhágann trí úll a bhuachan i gcónaí. Spreag na daltaí chun smaoineamh ar an loighic agus réasúnú cé mhéad atá siad chun a thógáil gach uair.

Leaganacha malartacha:

1.    Is féidir leis na daltaí an cluiche a aisiompú agus na húlla a chur ar an gcrann. Is é an buaiteoir an duine a chuireann an t-úll deireanach ar an gcrann.

2.    Athraigh líon na n-úlla ar an gcrann agus an líon is féidir leis na daltaí a thógáil gach uair.