Frámaí Deich
For: Primary Children
Age 4 – 6
EASY
Low threshold high ceiling

Acmhainní:
Deich gcinn de bhfrámaí bána do gach dalta, bac, deich licín do gach dalta
Snáitheanna:
Comhaireamh, suíomh agus treo
Gníomhaíocht:
Ba chóir do leanaí oibriú i mbeirteanna agus beidh fráma deich agus deich gcinn de licíní ag teastáil ó gach leanbh. Beidh gá le bac idir an dá fhráma deich atá acu. Cuireann leanbh A cuid de na licíní ar an bhfráma deich agus ní mór do leanbh B ceisteanna a chur faoi shuíomh gach licín agus ní mór dó/di iarracht a dhéanamh ar dhealramh a bhfráma deich a mhacasamhlú. Ní féidir le leanbh A ach ‘tá’ nó ‘níl’ a fhreagairt. Ansin malartóidh na daltaí a róil agus déanfaidh siad an cluiche arís.
Ceisteanna:
· An bhfuil roinnt licíní sa ró barr?
· An bhfuil licín sa dara bosca sa ró barr?
· An bhfuil seacht licín ann san iomlán?
Ceisteanna Dúshláin:
· An gceapann tú go bhfuil níos mó nó níos lú ná cúig licín ag leanbh A ar an bhfráma deich? Cén fáth?
· Má tá ceithre licín agat ar an bhfráma deich cé mhéad spás atá folamh?




